Fiachna O Braonain

Amhrán Na Trá Báine (feat. Barry Van Zyl, Robin Hogarth & The Gugulethu Community Choir)

fiachna o braonain amhrán na trá báine (feat. barry van zyl, robin hogarth & the gugulethu community choir) şarkı sözleri

Mo mhíle slán leat, a Éire bhocht nar dheas é an tEarrach fhéin Níl an chaint ar obair bhossanaí ná rud ar bith mar é Ó seal ag baint na feamainne, ag cur fhataí is ag baint fhéir Níl fear ar bith dhá bhoichte acu nach raibh feilm aige dhó féin Ó tá caitheamh is cáin ar Éire bhocht a cheapfainn féin n ár chóir Tá an fear ag baint na bhfataí ann, tá an bhean ag bleáint na bó Ní hé sin féin do Mheiriceá, déan obair nó lig dhó Ach má shaothraíonn bean an dollar ann, tá an fear amuigh dhá ól Muise, an cuimhneach libh a dheartháireachaí, lá ar fhága mé an Trá Bháin Ní bhfuair mé an té a chuir an chomhairle orm, ná a dúirt liom fanacht ann Níl deartháir agam, níl deirfúir agam is níl mo mháthair beo Ach m'athair atá lag lúbach, a Dhia cé'n t-ionadh dhó Muise, báthadh Tom is Peadar orm, bhí uaigneas agam ina ndiaidh Ó, Micil Bán ba mheasa liom, dá ndeachaigh thrím ariamh Ó, deartháir eile a raibh Máirtín air, a báthadh fadó riamh Ach scéal cráite an toinn bháite, is í d'fhága mé ina ndiadh Ach d'fhága siad an caladh amach ar maidin leas an lá Is pébí súile a chonaic iad, níor bheannaigh siad a n-ádh Bhí an tae, tobac is siúicre acu, tháinig sé don Trá Bháin Tháinig na curachaí ar an duirling, is na maidí ar an trá
Sanatçı: Fiachna O Braonain
Türü: Belirtilmemiş
Ajans/Yapımcı: Belirtilmemiş
Şarkı Süresi: 5:04
Toplam: kayıtlı şarkı sözü
Fiachna O Braonain hakkında bilgi girilmemiş.

Fotoğrafı