M'ANAM şarkı sözleri
Dá mbeinn féin in Airdí Cuain
I n'aice 'n tsléibh' úd 'tá i bhfad uaim
B'annamh liom gan tul ar chuairt
Go Gleann na gCuach Dia Domhnaigh.
Agus och, och Éire 'uilig is ó
Éire lionndubh agus ó
Sé mo chroí tá trom is brónach.
'Siomaí Nollaig 'is mé liom féin
I mBun Abhann Doinne is mé gan chéill
Ag iomáin ar a' Trá bhán
Mo chamán bán 'mo dhorn liom.
Nach tursach mise anseo liom féin
Nach n-aithnim guth coiligh, londubh nó traon?
Gealbhán, smaolach, naoscach féin,
Is chá n-aithnim féin an Domhnach?
Dá mbeadh 'gam féin coite 's rámha
nó go n-iomarainn leis a' tsnámh,
Dúil as Dia go sroichfinn slán
Is go bhfaighinn-se bás in Éirinn.